Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 4:15-26 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

15. Achd ar na fhógra dhóibh dul amach as an gcomhairle, diomraidheadar eatorra féin,

16. Ag rádh, Créud do dhéunam ris an muinntirse? Óir go deimhin atá comhartha foillsightheach aca ar na dheanamh agus is follus do gach áon áitigheas á Niárusalem é; agus ní féidir linne a shéuna.

17. Achd deagla leathnuighthe dhó ní as faide a measg an phóbail, toirmisgeam íad go bagrach, fá labhairt feasda sa náinmse ré duinne ar bith.

18. Agus ar na ngairm dhóibh, dáithneadar dhíobh gan labhairt air éanchor agus gan teagusg do dhéunamh a nainm Iósa.

19. Achd ar bhfreagra do Pheadar agus Deóin, a dubhradar ríu, Measuigh féin an córa a bhfíadhnuise Dé, sibhsi deisdeachd ná Día.

20. Oír ní héidir linne gan na neithe do chúalamar agus do chunncamar do labhairt.

21. Agus ar ndéanamh bagair dhoibhsean, do léigeadar úatha íad, mar nach bhfúaradar slighe ar bith chum pionúis do thabhairt dóibh, ar son an phobail: oír thugadar uile glóir do Dhía ar son a neithe do rinneadh ann.

22. Oír do bhí an té air a ndearnadh an comhartha slainte úd, ós cionn dá fhichead bhliadhan dáois.

23. Agus ar na léigean amach, tangadar chum a gcompánách, agus dfoillsigheádar gach a ndubhradar na hárdsaguirt agus ná sinnsir ríu.

24. Agus ar na chlós so dhóibhsean, do thógbhadar súas a ngúth déantoil chum Dé, agus a dubhradar, a Tighearna, is tusa an Día do rinne neamh, agus talamh, agus an fháirge, agus gach a bhfuil ionnta:

25. Noch a dubhairt tré béul Dáibhi do shearbhfhoghantuighe féin, Créud fár lionadar na cineadhacha dfeirg, agus fár smuáineadar na puibleacha neithe díomháoineacha?

26. Do sheasadar ríghthe na talmhan, agus do chruinnigheadar na húachdaráin a bhfochair a chéile, a naghaidh an Tighearna, agus a naghaidh a Chríosd.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 4