Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 4:1-11 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Agus an feadh do bhádar ag labhairt ris an bpobal, tangadar na sagairt, agus úachdarán an teampoill, agus na Saducíni ortha,

2. Ag doilgheas go rabhadarsan ag teagasg an phobail, agus ag seanmórughadh a Níosa eiséirghe ó mharbhuibh.

3. Agus do chuireadar lámha ionnta, agus do chuireadar a bpríosún íad go dtáinic ar na mhárach: oír do bhí sé fá a namsin déigheanach.

4. Gidheadh mórán da ccúaluidh an bhríathar do chreideadar; agus do bhí úibhir na ndáoine a dtimcheall chúig míle.

5. Agus tárla ar na mhárach, gur chruinnidheadar a núachdaráin, agus a sinnsir, agus a sgríobuidhe,

6. Agus Annas an tárdsagurt, agus Cáiaphas, agus Eóin, agus Ailecsandar, agus gach a raibh do chineul na nárdsagart, a bhfochair a chéile a Níarusalém.

7. Agus an tan do chuireadar a lár íad, dfíafruigheadar, Créud é an túghdarrás, nó an tainm, as a ndearna sibhse a ní so?

8. Ann sin ar mbeith do Pheadar, ar na líonadh don Spiorad Náomh, a dubhairt sé ríu, A úachdaráin an phobuil, agus a shinnseara-Israél,

9. O atámáoidne a niugh air ar dtabhairt chum ceasda a dtimcheall na máitheasa do rinneadh don duine éagcrúaidh, cionnas do slánnuigheadh é;

10. Bíodh a fhios aguibhse uile, agus ag pobal Israél uile, gur tré ainm Iósa Críosd Nasárrdha, noch do chrochabhairse, noch do dhúisigh Día ó mharbhuibh, as trídsean sheasus an fearso slán an bhur bhfiadhnuísesi.

11. A sí so an chloch úd do bhí fá neimhchion aguibhse a sháora, dá ndearnadh ceann an chuáinne.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 4