Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 28:8-20 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

8. Agus tárlá, go raibh athair Phuibliuis na luighe ré fíabhrus agus ré flucsa fola: agá ndeachaigh Pól dá ionnsuighe, agus ar ndéanamh urnaighe, ar gcur a lámh air, do shlánuighe sé é.

9. Agus ar na dhéunamh so, tangadar, an mhéid do bhí easlán sa noiléun chuige, agus do shlánaigheadh íad:

10. Noch mar an gcéudna tug dhúinn onóir mhór; agus ar ndealadh dhúinn ríu, do chuireadar linn na neithe do bhí na riachdanus orainn.

11. Agus a gcionn thrí mhíos na dhiáigh sin do sheólamar a luing do longaibh Alecsándria, do bhí ag caitheamh an ghéimhridh sa noiléun, agus a sé fá comhartha dhi Castor agus Pollux.

12. Agus ar dteachd dúinn go Siracúsa, dfanamar ann trí lá.

13. Agus ar seóladh dhúinn timcheall as sin, tangamar go Rhégium: agus a gcionn laé na dhiáigh sin do shéid an gháoth a ndeas, agus tangamar lá ar na mhárach go Puteóli:

14. Mar a bhfúaramar dearbhraithreacha, agus do chuireadar impidhe oruinn fanmhuin na bhfochair feadh seachdmhuine: agus már sin do thríallamar romhuinn don Róimh.

15. Agus as sin ar bhfagháil ar sgéul do na braithribh, tangadar do theagmháil dúinn go margadh Appius, agus gus na trí táibheirnibh: agus ar na bhfaicsin do Phól, rug sé buidheachus ré Día, agus do ghabh sé meisneach chuige.

16. Agus ar dteachd dúinn don Róimh, tug an caiptín na braighde dáirdghinerál na slógh: achd tugadh cead do Phól bheith ris féin a bhfarradh shaighdiúir do choimhéudfadh é.

17. Agus tárla, a gcionn thrí lá na dhiáigh sin, gur ghoir Pól úaisle na Niúdaigheadh a gceann a chéile: agus ar gcruinniughadh dhóibh, a dubhairt sé ríu. A fheara agus a bhraithreacha, bíodh nách dearna misi éinní a naghaidh an phobail, ná ghnáthnaighe na sinnsear, gidheadh tugadh mé ceangailte ó Ierusalém a lámhaibh na Rómhanach.

18. Noch lér mían tar éis mo theasdaighe, mo léigean fá sgáoil, do bhrígh nach raibh coir ar both bháis orum.

19. Achd ar labhairt go contrárdha do na Iúdaighibh, do béigean damh dul fá chomairce Shéasair; ní hé go bhfuil adhbhar ar bith agam fá a neileóchainn mo chineadh.

20. Uime sin is fá a nadhbharsa do chuir mé fios oraibhse, chum bhar bhfaicsiona, agus labhartha ribh: oír is ar son mhuiníghine Israél atáim ceangailte sa slabhradhsa.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 28