Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 28:4-15 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

4. Agus ar bhfaicsin na péisde croichde as a laimh do na dáoinibh barbartha, a dubhradar ría chéile, Go deimhin is fear dúnmharbhtha é, dá nach bhfuilngeann dioghaltus Dé a bheith beó, giodh tháinic sé slám ón bhfairge.

5. Achd ar gcrothadh na péisde dhósan sa teini, níor airidh sé dochar ar bith.

6. Gidheadh do bhí súil acasan ré hát dó, nó ré na thuitim síos marbh go hobann: achd ar mbéith dhóibh a bhfád ag fuireadh, agus nach bhfacadar dochar ar bith ag teagmháil dó, ar nathrughadh inntinne, a dubhradar gur día é.

7. Agus a dtimcheall na háitesin do bhí fearann ag ceannphort a noíléin, dar bhainm Publius; noch do ghabh sinne chuige, agus tug áoigheachd dhúinn ar feadh thrí lá go rocháirdeamhail.

8. Agus tárlá, go raibh athair Phuibliuis na luighe ré fíabhrus agus ré flucsa fola: agá ndeachaigh Pól dá ionnsuighe, agus ar ndéanamh urnaighe, ar gcur a lámh air, do shlánuighe sé é.

9. Agus ar na dhéunamh so, tangadar, an mhéid do bhí easlán sa noiléun chuige, agus do shlánaigheadh íad:

10. Noch mar an gcéudna tug dhúinn onóir mhór; agus ar ndealadh dhúinn ríu, do chuireadar linn na neithe do bhí na riachdanus orainn.

11. Agus a gcionn thrí mhíos na dhiáigh sin do sheólamar a luing do longaibh Alecsándria, do bhí ag caitheamh an ghéimhridh sa noiléun, agus a sé fá comhartha dhi Castor agus Pollux.

12. Agus ar dteachd dúinn go Siracúsa, dfanamar ann trí lá.

13. Agus ar seóladh dhúinn timcheall as sin, tangamar go Rhégium: agus a gcionn laé na dhiáigh sin do shéid an gháoth a ndeas, agus tangamar lá ar na mhárach go Puteóli:

14. Mar a bhfúaramar dearbhraithreacha, agus do chuireadar impidhe oruinn fanmhuin na bhfochair feadh seachdmhuine: agus már sin do thríallamar romhuinn don Róimh.

15. Agus as sin ar bhfagháil ar sgéul do na braithribh, tangadar do theagmháil dúinn go margadh Appius, agus gus na trí táibheirnibh: agus ar na bhfaicsin do Phól, rug sé buidheachus ré Día, agus do ghabh sé meisneach chuige.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 28