Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 28:25-31 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

25. Agus ar mbeith dhóibh contrárdha dhá chéile, do sgáoileadar as sin, ar rádh na héinbhréithresi do Phól, Is maith do labhair an Spiorad Náomh tré san bhfaidh Esaías ré ar naithreachaibhne,

26. Ag rádh, Imthigh romhad chum an phobailse, agus abair, Cluinfidh sibh ré bhur gclúasaibh, agus ní thuigfidhe; agus do chifidh ré bhur súilibh, agus ní budh leir dháoibh:

27. Oír atá cróidhe an phobailse ar na ramhrughadh, agus do bhádar a gclúasa bodhar chum éisdeachda, agus do cháochadar a súile; deagla go bhfaicfedís ré na súilibh, agus go gcluinfedís ré na gclúasaibh, agus go dtuigfedis ré na gcroidhthibh, agus go bhfillfedís, agus go slaineochainnse íad.

28. Uime sin bíodh a fhios agaibhse, go bhfuil an slánúghadhsa Dé ar na chur chum na Gcineadhach, agus go gcluinfid siadsan é.

29. Agus ar rádh na neitheannsa dhó, do imthigheadar na Iúdaighe amach, agus do bhí iomad diosbóireachda aca eatorra féin.

30. Agus do chomhnuigh Pól dhá bhlíadhain go hiomlán a dtigh do réidhigh sé dhó féin, agus do ghabhadh ris na huile dháoine do thigeadh a steach chuige,

31. Ag seanmórughadh rioghachda Dé, agus ag teasgusg na neitheann bheanus ris an Dtighearna Iósa Críosd, maille ré gach uile chumus labhartha, gan toirmeasg.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 28