Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 28:19-28 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

19. Achd ar labhairt go contrárdha do na Iúdaighibh, do béigean damh dul fá chomairce Shéasair; ní hé go bhfuil adhbhar ar bith agam fá a neileóchainn mo chineadh.

20. Uime sin is fá a nadhbharsa do chuir mé fios oraibhse, chum bhar bhfaicsiona, agus labhartha ribh: oír is ar son mhuiníghine Israél atáim ceangailte sa slabhradhsa.

21. Agus a dubhradarsan ris, Níor ghlacamairne fíu na leitre ó thír Iúdaighe ad thimcheall, agus ní tháinic fós neach ar bith do na dearbhraithribh dfoillsiughadh ná dinnisin uile ar bith ort.

22. Achd budh mían rinn a chlos uáit na neithe bhreathnuigheas tú: oír do tháobh a nuirsde, is aithnigh dhúinn do dticthear na aghaidh sa nuile áit.

23. Agus ar ndéunamh láe ris dóibh, tangadar mórán chuige dhá lóisdín; noch dhar fhoillsigh sé rioghachd Dé, maille ré fíadhnuise do dheunamh, dhá dtarraing ré na theagusg chum na neitheadh do bhean ré Híosa, as reachd Mháoisí, agus ann sna faidhibh, ó mhaidin go hoidhche.

24. Agus do aontuigheadar cuid díobh do na neíthibh a dubhairt sé, agus cuid eile nar aontaigh.

25. Agus ar mbeith dhóibh contrárdha dhá chéile, do sgáoileadar as sin, ar rádh na héinbhréithresi do Phól, Is maith do labhair an Spiorad Náomh tré san bhfaidh Esaías ré ar naithreachaibhne,

26. Ag rádh, Imthigh romhad chum an phobailse, agus abair, Cluinfidh sibh ré bhur gclúasaibh, agus ní thuigfidhe; agus do chifidh ré bhur súilibh, agus ní budh leir dháoibh:

27. Oír atá cróidhe an phobailse ar na ramhrughadh, agus do bhádar a gclúasa bodhar chum éisdeachda, agus do cháochadar a súile; deagla go bhfaicfedís ré na súilibh, agus go gcluinfedís ré na gclúasaibh, agus go dtuigfedis ré na gcroidhthibh, agus go bhfillfedís, agus go slaineochainnse íad.

28. Uime sin bíodh a fhios agaibhse, go bhfuil an slánúghadhsa Dé ar na chur chum na Gcineadhach, agus go gcluinfid siadsan é.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 28