Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 28:1-8 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Agus ar dteachd dóibh slán, dó aithneadar ann sin gur Melita do bainm don oilén.

2. Agus níor bheag an dáonnachd do rínneadar na dáoine barbartha oruinn: oír ar bhfadógh teineadh dhoibh, do ghabhadar sinn uíle chuca, ar son an cheatha do bhi ag teachd, agus air son an fhúachda.

3. Agus ar gcruinniughadh mhoráin spriosan do Phól, agus ar na gcur dhó ar an dteine, táinic aithir nimhe amach as an teas, agus do léim sé ar a láimh.

4. Agus ar bhfaicsin na péisde croichde as a laimh do na dáoinibh barbartha, a dubhradar ría chéile, Go deimhin is fear dúnmharbhtha é, dá nach bhfuilngeann dioghaltus Dé a bheith beó, giodh tháinic sé slám ón bhfairge.

5. Achd ar gcrothadh na péisde dhósan sa teini, níor airidh sé dochar ar bith.

6. Gidheadh do bhí súil acasan ré hát dó, nó ré na thuitim síos marbh go hobann: achd ar mbéith dhóibh a bhfád ag fuireadh, agus nach bhfacadar dochar ar bith ag teagmháil dó, ar nathrughadh inntinne, a dubhradar gur día é.

7. Agus a dtimcheall na háitesin do bhí fearann ag ceannphort a noíléin, dar bhainm Publius; noch do ghabh sinne chuige, agus tug áoigheachd dhúinn ar feadh thrí lá go rocháirdeamhail.

8. Agus tárlá, go raibh athair Phuibliuis na luighe ré fíabhrus agus ré flucsa fola: agá ndeachaigh Pól dá ionnsuighe, agus ar ndéanamh urnaighe, ar gcur a lámh air, do shlánuighe sé é.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 28