Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 26:22-31 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

22. Gidheadh tug Día cobháir dhamh, agus do sheas mé gus a niu, ag déunamh fíadhnuise don mbeag agus don mor, gán éainní a rádh dhamh achd na neithe a dubhradar na fáidhe agus Maóisi do bheith chum teachda:

23. Go bhfuiléongadh Críosd, agus go madh hé céidneach do éiréochadh ó mharbhaibh é, agus go bhfoillséochadh sé solus don phobalsa, agus do na Cineadhachaibh.

24. Agus ar mbeith dhó ag rádh na neitheadhsa ar a shon féin, a dubhairt Festus do ghúth mhór, Atá tú ar buile, a Phóil; cuiridh iomad foghlomatha ré cúthach thú.

25. A dubhairt Pól an tan sin; A Fhéstuis ro oidheirc, ní bhfuilimse ar buile; achd labhruim bríathra na fírinee go céillighe.

26. Oír atá fios na neitheannsa ag an rí, agá labhraimse go dána na lathair: óir ní shaóilim go bhfuil ainbhfios éainneithe dhíobh so air; oír ní a gclúid do rinneadh so.

27. A rí Agrippa, an gcreideann tú na fáidhe? Atá a fhios agam go gcreidir.

28. A dubhairt Agrippa an tan sin ré Pól, Is beag nách ttairrngeann tú mé chum bheith am Chríosduighe.

29. Agus a dubhairt Pól, Do bfearr leam go bhfaghuinn dathchuinge ó Dhía, ní hé amháin thusa, achd mar an gcéudna an mhéid éisdeas riom aniu, bheith go híomlán, cosmhail ríom féin, achd na geimhleachasa amháin.

30. Agus ar na rádh so dhó, do éiridh an rí súas, agus an túachdarán, agus Bernice, agus an dream do shuidh na bhfochaire.

31. Agus ar ndul do leathtaóibh dhóibh, do labhradar ré a chéile, ag rádh, Ní dhéunann an fearso éin ni thuilleas bás nó cuibhrighthe.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 26