Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 25:8-18 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

8. Ar bhfreagra do Phól dá ghlanadh féin, Nách dearna sé ní ar bith a naghaidh dhlighe na Niúdaigheadh, na an teampuill, na Shéasair.

9. Gidheadh air mbeith fonnmhar, air fhoghar do dhéanamh do na Iúdadhuibh, do fhreaguir Festus, do Phól, agus a dubhairt sé, A náill leachd dul súas go Hiarusalém, agus breitheamhnus dfulang ann sin a dtimcheall na neitheadhso am fhíadhnuisisi?

10. Achd a dubhairt Pól, Atáim am sheasamh ag catháoir bhreitheamhnuis Shéasair, ann ar chóir breath do bhreith orum: ní dhearna me eugcóir ar bith ar na Iúdaidhibh, mar as maith atá a fhíos agadsa féin.

11. Oír má rinne mé éugcóir ar both ná éainní do thuill bás, ní bhfuilim ag díultadh bás dfagháil: gidheadh muna ndearna mé áoinné do na neithibhsi éilighid síad oram, ní fhéudann áonduine mo thíodhlacadh dhóibh. Tíaghuim ar chomairce Shéasair.

12. Ann sin do labhuir Festus, ris an gcomhairle, agus do fhreaguirsé, A ndeachaidh tú ar comairce Shéasair? is dionnsuighe Shéasair rachus tú.

13. Agus ar gcaithreamh laéthe áirighe táinic an rí Agrippa agus Bernice go Séasárea do chur failte roimhe Fhestus.

14. Agus ar nfanmhuin dóibh ann sin mórán do laethibh, do fhoillsigh Festus cuis Phóil don rí, ag rádh, Dfag Felics duine áirighe na phríosúnach:

15. Agus an tan do bhí misi a Níarusalém, tangadar úachdaráin na sagart agus sinnsir na Niúdaigheadh chugam na thimcheall, agus do íarradar breith dhamanta na aghuidh.

16. Ar a dtugasa an fhreagra so, Nár bhéus do na Rómhanchuibh duine ar bith do thabhairt dá mhilleadh, nó go dtigdís an luchd éilíghthe a láthuir an tí éilighthear, agus go bhfaghadh sé ionad air é féin do ghlanadh ón gcoir do chuirfidh air.

17. Ar a nadhbharsin, ar dteachd ann so dhóibh a gceann a chéile, ar ná mhárach gan cháirde ar bith do shuidh mé ann sa chatháoir bhreitheamhnuis, agus do aithin mé an fearsin do thabhuirt dom láthuir.

18. Agus do sheasadar luchd a éilighthe na fhochair, agus níor chuireadar cóir ar bith air do na neithibh do sháoil misi;

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 25