Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 25:16-27 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

16. Ar a dtugasa an fhreagra so, Nár bhéus do na Rómhanchuibh duine ar bith do thabhairt dá mhilleadh, nó go dtigdís an luchd éilíghthe a láthuir an tí éilighthear, agus go bhfaghadh sé ionad air é féin do ghlanadh ón gcoir do chuirfidh air.

17. Ar a nadhbharsin, ar dteachd ann so dhóibh a gceann a chéile, ar ná mhárach gan cháirde ar bith do shuidh mé ann sa chatháoir bhreitheamhnuis, agus do aithin mé an fearsin do thabhuirt dom láthuir.

18. Agus do sheasadar luchd a éilighthe na fhochair, agus níor chuireadar cóir ar bith air do na neithibh do sháoil misi;

19. Achd do bhádar ceasda áirighe a dtimcheall a ngeasrigadh féin aca na aghuidh, agus a dtimcheall Iósa éigin, fuáir bás, noch a dubhairt Pól bheith béo.

20. Agus do bhrígh go raibh misi amharusach a leithid sin do cheisd, a dubhairt mé, Nar bháill leis dull go Hiárusalem, agus breitheamhnus thabhairt air ann fá na neithibhsi.

21. Agus an tan díarr Pól é féin do choimhéud nó go bhfuigheadh Augustus fios air, do aithin misi a chúmhdach nó go gcuirfinn chum Séasair é.

22. Agus a dubhairt Agrippa ré Festus, Bá mian riumsa fós mé féin éisdeachd ris an bhfear sin. Agus a dubhairt seisean, cluinfidh tú a márach é.

23. Uime sin ar na mhárach, táinic Agrippa, agus Bernice re poimp ro mhóir, agus do chúadar a steach maille rís na húachdaránuibh, agus ré maithibh na caithreacha, go teagh na cúirte, agus ar na áithne Dfestus tugadh Pól a láthuir.

24. Ann sin a dubhairt Festus, A rí Agrippa, agus a bhfuiltí do dháoinibh a láthair ann so, do chithí an fearso agá dtangadar pobal na Niudaigheadh go huilidhe a Niárusalém, agus ann so, chugamsa na thimcheall, ag éighmhe nár chóir a bheith beó ni as faide.

25. Achd a núair do thuig misi nách dearna sé ní ar bith do thuill bás, agus go ndeachuidh sé féin ar comairce Augustus, do chuir mé romham a chur chuige.

26. Agus ní feas damh éainní áirighe do sgriobhthuinn chum mo thighearna na thímcheall. Ar a nadhbharsin tug mé bhur láthuirsi é, agus go mótmhór dod láthuirsi, a rí Agrippa, ionnus, ar na cheasdughadh, go mbeith agam ní do sgríobhthuinn:

27. Oír do chíthear dhamhsa gur neimhréasúnta príosúnach do chur uáim, agus gan na cúiseanna atá na aghaidh dfoillsiughadh.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 25