1. Agus an tan tháinic Festus don phrobhinnsi, do chúaidh sé a gcionn thrí lá na dhíaigh sin ó Shéasareá súas go Hiarusalém.
2. Agus do chúaidh an tárdsagart agus maithe na Niúdaigheadh dhá láthair a naghuidh Phóil, agus do chuireadar impidhe air,
3. Ag íarruidh foghuir a naghuidh Phóil, as go gcuirfeadh sé fios air go Híarusalém, ar gcur luigheacháin ar a tslighe fá chomhair a mharbhtha.
4. Achd do fhreaguir Festus, go raibh Pól air cúmhdach a Séasárea, agus go rachadh sé féin go háithghearr ann sin.