Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 24:6-21 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

6. Agus mar an gcéudna do thogair sé an teampall do shalchadh: agus do chuireamairne lámh ann, agus do shanntuigheamar breitheamhnus do thabhairt air do réir ar ndlighe féin.

7. Achd táinic an túachdarán Lísias orainn, agus rug sé lé hainneart mór as ar lámhuibh é,

8. Agus do áithin sé da luchd éilighthe teachd chugadsa: ó na bhféudfa tusa gach éun sgéula dfagháil fá na neithibhse chuirmídne na leith, dá leana tú ar a níarruidh.

9. Agus do áontuigheadar na Iúdaighe mar an gcéudna leis, dá rádh gurab mar sin do bhadár na neithe sin.

10. Achd ar sméideadh do núachdarán air Phól chum labhartha, do fhreaguir sé, As romhóide mfonn fá fhreagra ar mo shon féin, go bhfuil a fhios agum thusa bheith ré mórán do bhlíadhnuibh ad bhreitheamh ar an gcineadhso.

11. Oír féuduigh tú a fhios dfagháil, nach mó ná dhá lá dhéug ó chúaidh misi súas go Híarusalém do dhéunamh eadarghuidhe.

12. Agus nách bhfuaradar ag diosbóireachd ré duine ar bith sa teampall mé, ná ag glúasachd an phobail, ná ann sna sinagóguibh, na fós sa chathraigh:

13. Agus ní héidir léo na neithesi atáid síad déiliughadh oram a nois a chrúthúghadh.

14. Achd admhuim so dhuitsi, go ndéunuim seirbhís do Dhía ar naithreach, do réir na sligheadh úd dá ngoiridsean eiríceachd, ag creideamh dá gach uile ní dhá bhfuil sgriobhtha ann sa dligheadh agus ann sna faidhibh:

15. Agus go bhfuil dóigh agam a Ndía, ré a bhfuil a súilsean fós, go dtiocfa éiséirighe na marbh, eidir firéun agus neimhfhíréun.

16. Is ar a shon so sháothruighim coinsías glan do bheith agam, gach uile úair a dtáobh Dé, agus dáoine.

17. Agus táinic mé a nois tar éis mhórán blíadhan a measg mo chinidh féin, chum déirce agus ofrála dhéunamh.

18. Ann a bhfúaradar Iúdaighe áirighe don Asía mé ar mo ghlanadh sa teampoll, gan chonghair, gan bhuaidhreadh.

19. Noch dar chóir seasamh ann so ad fhiadhnuisisi maille riumsa, agus méiliughadh, dha mbeith ní ar bith aca ré a chur am aghaidh.

20. No abruid an mhuintírse féin, ma fuáradar éugcóir ar bith ionnam, an tan do sheas mé a bhfíadhnuisi na comhairle,

21. Achd amháin ar son a néanghotha so, do éimh mé an tráth do sheas me na lár, Gur ab fa eiseirghe na marbh atáim dom éiliughadh aguibhsi a niugh.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 24