Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 24:21-27 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

21. Achd amháin ar son a néanghotha so, do éimh mé an tráth do sheas me na lár, Gur ab fa eiseirghe na marbh atáim dom éiliughadh aguibhsi a niugh.

22. Agus mar do chúaluidh Félics na neithesi, dó chuir sé ar athlá íad, ag rádh, A núair do ghéubha mé fios na neitheadh bheanus ris a tslighese ní as fearr, an tan thiocfas Lísias an tuachdarán a núas, cuirfidh mé bhur gcúis a gcrích.

23. Agus do aithin sé don chaiptín Pól do chúmhdach, agus socamhal do thabhairt dó, agus gan a bhacadh déunduíne dá cháirdibh a fhriothólamh ná dhúl dá ionnsuighidh.

24. Agus a gcionn laetheadh áirighe, ar mbeith do Fhélics maille ré na mhnáoi Drusilla, noch do bhí na Iúdaighe a lathair, do chuir sé fios ar Phól, agus do éisd sé ris a dtimcheall an chreidimh a Gcríosd.

25. Agus an tan do labhair sé riu a dtimcheall na firéantachda, agus na measarrdhachda, agus an bhreitheamhnuis atá ag teachd, ar gcriothnughadh Dfélics, a dubhairt sé, Imthigh romhad a nois; agus a núair bhías úain agamsa air, cuirfidh mé fios ort.

26. Agus do bhí súil aige fós go dtiubhradh Pól airgead dó do chionn a sgáoilte: air a nadhbharsin ag cur feasa air go minic, do labhradh sé ris.

27. Agus ar gcoimhliónadh dhá bhlíadhan táinic Porcius Festus a náit Fhélics: agus ar mbeith fonnmhar Dfelics air bhuídheachus na Niúdaigheadh do thuilleamhuin, dfag sé Pól ceanguilte.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 24