Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 24:13-26 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

13. Agus ní héidir léo na neithesi atáid síad déiliughadh oram a nois a chrúthúghadh.

14. Achd admhuim so dhuitsi, go ndéunuim seirbhís do Dhía ar naithreach, do réir na sligheadh úd dá ngoiridsean eiríceachd, ag creideamh dá gach uile ní dhá bhfuil sgriobhtha ann sa dligheadh agus ann sna faidhibh:

15. Agus go bhfuil dóigh agam a Ndía, ré a bhfuil a súilsean fós, go dtiocfa éiséirighe na marbh, eidir firéun agus neimhfhíréun.

16. Is ar a shon so sháothruighim coinsías glan do bheith agam, gach uile úair a dtáobh Dé, agus dáoine.

17. Agus táinic mé a nois tar éis mhórán blíadhan a measg mo chinidh féin, chum déirce agus ofrála dhéunamh.

18. Ann a bhfúaradar Iúdaighe áirighe don Asía mé ar mo ghlanadh sa teampoll, gan chonghair, gan bhuaidhreadh.

19. Noch dar chóir seasamh ann so ad fhiadhnuisisi maille riumsa, agus méiliughadh, dha mbeith ní ar bith aca ré a chur am aghaidh.

20. No abruid an mhuintírse féin, ma fuáradar éugcóir ar bith ionnam, an tan do sheas mé a bhfíadhnuisi na comhairle,

21. Achd amháin ar son a néanghotha so, do éimh mé an tráth do sheas me na lár, Gur ab fa eiseirghe na marbh atáim dom éiliughadh aguibhsi a niugh.

22. Agus mar do chúaluidh Félics na neithesi, dó chuir sé ar athlá íad, ag rádh, A núair do ghéubha mé fios na neitheadh bheanus ris a tslighese ní as fearr, an tan thiocfas Lísias an tuachdarán a núas, cuirfidh mé bhur gcúis a gcrích.

23. Agus do aithin sé don chaiptín Pól do chúmhdach, agus socamhal do thabhairt dó, agus gan a bhacadh déunduíne dá cháirdibh a fhriothólamh ná dhúl dá ionnsuighidh.

24. Agus a gcionn laetheadh áirighe, ar mbeith do Fhélics maille ré na mhnáoi Drusilla, noch do bhí na Iúdaighe a lathair, do chuir sé fios ar Phól, agus do éisd sé ris a dtimcheall an chreidimh a Gcríosd.

25. Agus an tan do labhair sé riu a dtimcheall na firéantachda, agus na measarrdhachda, agus an bhreitheamhnuis atá ag teachd, ar gcriothnughadh Dfélics, a dubhairt sé, Imthigh romhad a nois; agus a núair bhías úain agamsa air, cuirfidh mé fios ort.

26. Agus do bhí súil aige fós go dtiubhradh Pól airgead dó do chionn a sgáoilte: air a nadhbharsin ag cur feasa air go minic, do labhradh sé ris.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 24