Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 23:30-35 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

30. Agus an tráth do hinniseadh dhamhsa gur mhián ris na Iúduighibh luigheachán do chur air, do chuir mé ar an mball chugadsa é, agus a dubhairt mé fós ré luchd a éilighthe gach ádhbhar dá mbeith aca air a chur na leith ad fhíadhnuisisi. Slan riot.

31. Uime sin do réir mar do háithnigheadh do na saighdiúiribh; rugadar Pól leó, ann sa noidhche go Hantipatris.

32. Agus lá ar na mhárach do léigeadar do mharcshlúagh dul leisean, agus dfilleadar féin don chaisléun:

33. Agus, a núair rangadar go Séasáréa, agus tugadar an litir do núachdarán, do chuireadar Pól na sheasamh na fhiadhnuisi.

34. Agus tar éis a léighthe do nuachdarán, agus a fhiáfruighe dhesan gá tír dhó. Agus ar naithniughadh gur ab ó Chilíchia é;

35. A dubhairt sé, Eisdfidh mé riot, an tan thiocfuid luchd théilighthe mar an gcéudna. Agus do áithin sé eisean do choimhéud a gcúirt Ióruáigh.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 23