Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 23:22-34 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

22. Agus do léig an túachdarán an tógánach úadh, ar na áithne dhe, Gan a fhios do thabhairt do dhuine ar bith gur fhóillaigh sé na neithesi dhó féin.

23. Agus do goir sé dhá chaiptín airighe chuige, agus a dubhairt sé, Ullmhuighidh dhá chéud saighdiúir rachas go Séasarea, agus deíchneabhar agus trí fichid marcach, agus da chéud do luchd gaéthe, ón trés úair do noidhche amach;

24. Agus mar an gcéudna ullmhuighidh eachruidh iomchórus Pól slán, chum an árdúachdaráin Félics:

25. Agus do sgríobh sé litir an sa bhfoirmse:

26. Beatha agus sláinte ó Chlaudius Lísias chum a nárdúachdaráin ro oidheirc Félics.

27. An tan do bhí an fearso tar éis a ghabhála ag na Iúduighibh, agus íad iar tí a mharbhtha: tháinig misi orrtha le slúagh, agus an tan fúair mé sgéula gur Rómhánach é, do bheanus díobh é.

28. Agus mar bhí a fhonn orum fios sgéul dfagháil créd é an tadhbhar far éiligheadar é, tug mé amach chum a gcomhairlesean é:

29. Do thuig mé gur fá cheasduibh a dtimcheall a ndlighidh féin do héiliughadh é, agus nách raibh coir bháis na bhraighdeanuis ar bith air.

30. Agus an tráth do hinniseadh dhamhsa gur mhián ris na Iúduighibh luigheachán do chur air, do chuir mé ar an mball chugadsa é, agus a dubhairt mé fós ré luchd a éilighthe gach ádhbhar dá mbeith aca air a chur na leith ad fhíadhnuisisi. Slan riot.

31. Uime sin do réir mar do háithnigheadh do na saighdiúiribh; rugadar Pól leó, ann sa noidhche go Hantipatris.

32. Agus lá ar na mhárach do léigeadar do mharcshlúagh dul leisean, agus dfilleadar féin don chaisléun:

33. Agus, a núair rangadar go Séasáréa, agus tugadar an litir do núachdarán, do chuireadar Pól na sheasamh na fhiadhnuisi.

34. Agus tar éis a léighthe do nuachdarán, agus a fhiáfruighe dhesan gá tír dhó. Agus ar naithniughadh gur ab ó Chilíchia é;

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 23