Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 21:24-40 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

24. Beir íad so leachd, agus glantar thú maille ríu, agus caith léo, ionnus go mbearrfaudís a gcinn: agus aithéonaidh gach uile dhuine, nach bhfuil éifeachd ann ar cuireadh ort; achd go siobhlann tú féin ag coimhéud an reachda.

25. Achd a dtáobh ar chreid do na Cineadhachuibh, do sgríobhamairne agus dórdaigheamar dhóibh gan a leithéid sin do ghnáthughadh, achd amháin íad féin do choimhéd ó gach ní íodhbarthar díodhaluibh, agus ó fhuil, agus ó néithibh tachduighe, agus ó sdríopachus.

26. Ann sin rig Pól na fir leis, agus ar na mhárach ar na ghlanadh maille ríu do chuáidh sé don teampoll ag foillsiúghadh choimhlíonta láetheadh an ghlanta sin, nó go dtúgtháoi ofráil ar son gach áonduine aca.

27. Agus tar éis na seachd lá sin do choimhlíonadh achd beag, do chunncadar na Iúdaighe ó Násia, eisean ann sa teampoll, agus do bhogadar an phobal úile, agus chuireadar lamha ann san,

28. Ag éighmhe, Cóbhair, a chlanna Isráel: A sé so an fear, theaguisgeas an gach uile áir a naghuidh an phobuil, agus an reachda, agus na háitesi: agus tuilleadh eile fós tug sé Gréuguigh a steach don teampoll; agus do shaluigh sé a náit náomhthasa.

29. (Oír do chunncadar Trophimus Ephesíanach na fhochuirsean na chathraigh, roimhe sin, noch do sháoileadar go dtug Pól chum an teampuil é.)

30. Uime sin do bhuáidhreadh an chathuir uile, agus do rith an pobal a gceann a chéile: agus ar mbreith air Phól dóibh, do thairngeadar amach as a teampoll é: agus ar an mball do híadhadh na doirsi.

31. Agus an tan do bhreathnúigheadar a mharbhadh, táinic sgéula go hárdchaiptín an bhanna, go raibh Iarusalém uile ar na buáidhreadh.

32. Agus ar an mball rug seisean saighdiúirighe agus caiptinighe leis, agus do rith sé chucasan: agus an tan do chunncadarsan an túachdarán agus na saighdiúiri, do sguireadar do ghabháil ar Phól.

33. Ann sin ar ndruíd ris do núachdarán, rug sé air, agus daithin sé á cheangal lé dhá shlabhradh; agus dfíafruigh sé cia hé, agus créd do rinne sé.

34. Agus do éigh cuid mar so, agus cuid mar súd, a measg an phobail: agus mar nár bhéidir leision deimhín sgéul dfagháil do bhrígh na buáidheartha, daithin sé eisean do bhréith don chaisléun.

35. Agus tárla ar dteachd do Phól, chum an sdaighre, gur iomchradar na saighdiúirighe é air son foiréigin an phóbail.

36. Oír do lean mórán don phobal é, ag éighmhe, Beir uáinn é.

37. Agus an tráth do bhí Pól dá bhréith a steach don chaisléun, a dubhairt sé ris a núachdarán, An ceadúigheach dhamh ní labhuirt riot? Agus a dubhairt seision, An labhrann tú Gréigis?

38. An né nach tusa an Téigipteach, do thóg ceannairrce mhór roimhe so, agus do thréoruigh ceithre mhíle fear do luchd fionghoile leachd ar an bhfásach?

39. Agus a dubhairt Pól, Gán amharus as Iúdaighe misi ó chathruigh ro oirdheirc Tharsus, na Cilícia, agus, guidhim thusa, fulaing dhamh labhuirt ris an bpóbal.

40. Agus an tan tug sé cead dó, ar seasamh do Phól ar a sdaíghre, do sméid sé lé na láimh ar an bpobal. Ag íarraidh éisdeachda, agus ar ndéanamh cíuínis mhóir dhóibh, do labhuir sé sa teanguidh Eabhra ríu, ag rádh,

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 21