Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 21:24-33 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

24. Beir íad so leachd, agus glantar thú maille ríu, agus caith léo, ionnus go mbearrfaudís a gcinn: agus aithéonaidh gach uile dhuine, nach bhfuil éifeachd ann ar cuireadh ort; achd go siobhlann tú féin ag coimhéud an reachda.

25. Achd a dtáobh ar chreid do na Cineadhachuibh, do sgríobhamairne agus dórdaigheamar dhóibh gan a leithéid sin do ghnáthughadh, achd amháin íad féin do choimhéd ó gach ní íodhbarthar díodhaluibh, agus ó fhuil, agus ó néithibh tachduighe, agus ó sdríopachus.

26. Ann sin rig Pól na fir leis, agus ar na mhárach ar na ghlanadh maille ríu do chuáidh sé don teampoll ag foillsiúghadh choimhlíonta láetheadh an ghlanta sin, nó go dtúgtháoi ofráil ar son gach áonduine aca.

27. Agus tar éis na seachd lá sin do choimhlíonadh achd beag, do chunncadar na Iúdaighe ó Násia, eisean ann sa teampoll, agus do bhogadar an phobal úile, agus chuireadar lamha ann san,

28. Ag éighmhe, Cóbhair, a chlanna Isráel: A sé so an fear, theaguisgeas an gach uile áir a naghuidh an phobuil, agus an reachda, agus na háitesi: agus tuilleadh eile fós tug sé Gréuguigh a steach don teampoll; agus do shaluigh sé a náit náomhthasa.

29. (Oír do chunncadar Trophimus Ephesíanach na fhochuirsean na chathraigh, roimhe sin, noch do sháoileadar go dtug Pól chum an teampuil é.)

30. Uime sin do bhuáidhreadh an chathuir uile, agus do rith an pobal a gceann a chéile: agus ar mbreith air Phól dóibh, do thairngeadar amach as a teampoll é: agus ar an mball do híadhadh na doirsi.

31. Agus an tan do bhreathnúigheadar a mharbhadh, táinic sgéula go hárdchaiptín an bhanna, go raibh Iarusalém uile ar na buáidhreadh.

32. Agus ar an mball rug seisean saighdiúirighe agus caiptinighe leis, agus do rith sé chucasan: agus an tan do chunncadarsan an túachdarán agus na saighdiúiri, do sguireadar do ghabháil ar Phól.

33. Ann sin ar ndruíd ris do núachdarán, rug sé air, agus daithin sé á cheangal lé dhá shlabhradh; agus dfíafruigh sé cia hé, agus créd do rinne sé.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 21