Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 21:13-24 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

13. Do fhreaguir Pól ann sin, Créd do bheir sibhsi ag gul agus ag briseadh mo chróidhesi? óir atáimsi ullamh, ní chum bheith cuíbhrighe amháin, achd mar an ccéudna chum báis dfulang a Niarusalém ar son anma an Tighearna Iósa.

14. Agus an tan nar ghabh sé cómhairle, do sguireamar, ag rádh, Déantar toil an Tighearna.

15. Agus tar éis na láetheadhsa ar mbeith ullamh dhúinn, do chúamar súas go Hiarusalém.

16. Agus tangadar cuid do na deisciobluibh linn ó Shéasaréa, agus tugadar seindeisciobal áirighe léo, dár bhainm Mnason do rugadh a Cíprus, aga mbeimís ar ósda.

17. Agus ar dteachd go Hiarusalém dúinn, do ghabhadar na bráithre chuca sinn go lúathgháireach.

18. Agus lá ar na mhárach do chúaidh Pól maille rinne a steach mar a raibh Séumus; agus do chruinnigheadar na sinsir uile ann sin.

19. Agus ar mbeannughadh dhóibh do Phól, dinnis sé a ndiáigh a chéile créd do rinne Día tré na sheirbhís féin a measg na Gcineadhach.

20. Agus ar na chlós so dhóibhsion, tugadar glóir don Tighearna. Agus a dubhradar ris, Do chí tusa, a bhráthair, ga mhéud míle do na Iúdaidhibh tháinic chum creidimh; agus átaid uile lán do ghrádh an reachda:

21. Agus do chúaladar ortsa, go dteagasgann tú do gach uile Iúdaighe dá bhfuil a measg na Gcineadhach Maóisi do thréigean, agus go nabuir tú nach cóir dhóibh a mic do thimcheallghearradh, na siubhal do réir an ghnáthuighe.

22. Ar a nadhbharsin créd dhéanfuighear? gan amharus as éigin don phobal cruinniughadh a gceann a chéile: óir cluinfíd síad go dtáinic tusa.

23. Ar a nadhbharsin déuna an nísi a deirmídne riot: atáid ceathrar feár aguinne air a bhfuil móid;

24. Beir íad so leachd, agus glantar thú maille ríu, agus caith léo, ionnus go mbearrfaudís a gcinn: agus aithéonaidh gach uile dhuine, nach bhfuil éifeachd ann ar cuireadh ort; achd go siobhlann tú féin ag coimhéud an reachda.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 21