Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 20:23-34 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

23. Achd amháin go ndéunann an Spiorad Náomh fíadhnuisi ann gach uile chathruigh dhamh, ag rádh go bhfuilid geimhleacha agus míoshuaimhneas ag fúireach leam.

24. Achd ní bhfuil cás agam a néinni, agus ní bhfuil cion agam ar manum féin, achd go dti dhíom mo thuras, agus an miniosdrálachd fuáir mé ón Dtighearna Iósa do choimhlíonadh maille ré gáirdeachus, ré fíadhnuise dhéunamh do dhóisgéul ghrás Dé.

25. Agus féuch, a nois, atá a fhios agam, nach bhfaicfidh éunduine aguibhsi, air ar shiobhail mé ag seanmóir ríoghachda Dé, maghaidh ó so amach.

26. Ar a nadhbharsin cuirim a fhíadhnuisi oruibhse a niugh, go bhfuilim glan ó fhuil na nuile dháoine.

27. Oír níor sheachain mé comhairle Dé fhoillsiughadh dhíbh go hiomlán.

28. Ar a nadhbharsin tabhruidh bhur naire dhíbh féin, agus don tréud uile, ar a ndearna an Spiorad Náomh easbuig dhíbh, do bhéathughadh eagluíse Dé, noch do cheannaigh sé lé na fhuil féin.

29. Oír atá a fhios so agamsa, tar éis misi imtheachd go dtiocfuid madruigh allta ghéura bhur measg, nach coigeóla an tréd.

30. Agus fós éireóchuid dáoine dhíbh féin, noch laibheórus neithe sáobha, chum deisciobal do tharruing na ndiáigh.

31. Ar a nadhbharsin déunaidh faire, agus cuimhnighidh, nár sguir misi ar feadh thrí mbliadhan ag teagusg gach áon díbh do ló agus doidhche maille ré déuruibh.

32. Agus a nois, a bhráithréacha, cuirim sibh ar cumairce Dé, agus bhríathar a ghrás, noch fhéudas bhur dtógbháil súas, agus oíghreachd do thabhuirt díbh a bhfochair na nuile náomh.

33. Níor shanntaigh mé airgead, ná ór, ná éudach dhuine ar bhith.

34. Is aithne dhíbhsi féin, gur ab íad na lámhasa do sholáthair dhamh gach ní dhá raibh na riáchdanus orum féin, agus ar a raibh am fhochair.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 20