Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 20:16-23 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

16. Oír do chuir Pól roimhe seóladh ré táobh Ephesus, deagla go gcuirfidhe moill ar bith air ann sa Násia: oír do bhí deithfir air, chum da madh éidir dhó é, go mbíadh sé a Níarusalém fa Chingcís.

17. Agus ag cur feasa úadha ó Mhilétum go Hephesus, do ghoir sé sinnsir na heagluisi.

18. Agus mar thangadar chuige, a dubhairt sé ríu, Atá a fhios aguibhsi, cionnus do bhí misi bhur bhfochuir ann gach uile aimsir, ón chéud la tháinic mé do Násia,

19. Ag déunamh seírbhisi don Tighearna maille ré gach uile úmhlachd intinne, agus maille ré mórán déur, agus cathaighe, noch do éirigh dhamh do bhrígh chéilge na Niúdaigheadh:

20. Agus nár chongnaimh mé ní ar bith go folaightheach dár fhóguin, gan a fhoillsiughadh dhíbh, agus gan bhur dteagasg go puiblidhe, agus ó thígh go tígh,

21. Ag déunamh fíadhnuisi do na Iúduighibh agus do na Gréugachuibh, fá fhilleadh chum Dé a naithrighe, agus a gcreideamh ar Dtighearna Iósa Críosd.

22. Agus féuch, a nois, atáim ag dul go Híarusalém ceanguilte a spioruid, gan a fhios agum créd theigéumhus dhamh ann:

23. Achd amháin go ndéunann an Spiorad Náomh fíadhnuisi ann gach uile chathruigh dhamh, ag rádh go bhfuilid geimhleacha agus míoshuaimhneas ag fúireach leam.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 20