Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 20:11-19 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

11. Agus ar ndul do Phól súas do bhris sé arán, agus a duáidh sé, agus do rinne sé comhrádh fada, go dtáinic máidin, dimthigh sé ann sin.

12. Agus tugadarsan an tóganach léo na bheáthuigh, agus níor bheag a ngáirdeachus.

13. Achd ar ndul a luing dhúinne do shéolamar go Hassós, ar chor go mbéuramis Pól linn as: oír is mar sin dórduigh sé é, chum go nimtheachadh sé féin da chóis.

14. Agus a núair thárla sé oruinn a Nassos, ar na bhreith linn dúinn, tangamar go Mitiléne.

15. Agus ag séoladh dhúinn as sin, tangamar lá ar na mhárach as comhair Chiós; agus an lá na dhiáigh tangamar a dtir a Sámos, agus dfanamar a Dtrogillium, agus tangamar lá ar na mhárach go Milétum.

16. Oír do chuir Pól roimhe seóladh ré táobh Ephesus, deagla go gcuirfidhe moill ar bith air ann sa Násia: oír do bhí deithfir air, chum da madh éidir dhó é, go mbíadh sé a Níarusalém fa Chingcís.

17. Agus ag cur feasa úadha ó Mhilétum go Hephesus, do ghoir sé sinnsir na heagluisi.

18. Agus mar thangadar chuige, a dubhairt sé ríu, Atá a fhios aguibhsi, cionnus do bhí misi bhur bhfochuir ann gach uile aimsir, ón chéud la tháinic mé do Násia,

19. Ag déunamh seírbhisi don Tighearna maille ré gach uile úmhlachd intinne, agus maille ré mórán déur, agus cathaighe, noch do éirigh dhamh do bhrígh chéilge na Niúdaigheadh:

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 20