Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 20:1-12 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Agus tar éis na ceannairce do chosg, do ghoir Pól na deisciobail chuige, agus air ngabháil a cheada ríu, da thríall sé dul úatha go Macedónia.

2. Agus ar ndul trés na críochuibhsin dó, agus ar na dteagusg lé hiomad briathar, táinic sé don Ghréig,

3. Agus ar mbeith dhó trí mhí ann sin. Ar gcur lúigheacháin do na Iúdaighibh air, mar do bhi faói dul a luing go Síria, do chuir sé roímhe filleadh tar a ais go Macedónia.

4. Agus do chuáidh ris na chuideachda gus a Násia Sopater ó Bheréa; agus do luchd Tessalónica, Aristarchus agus Secundus; agus Gáius ó chathruigh na Deirbe, agus Timotéus; agus do luchd na Hasia, Tichicus agus Trophimus.

5. Do imthigheadar so romhainne dfanadar rinn a Dtróas.

6. Achd do chúamairne a luing ó Philippi tar éis láethe a naráin gan laibhín, agus tangamar chucasan go Tróas a gcionn chúig lá; agus dfanamair ann sin ar feadh seachdmhuíne.

7. Agus an céud lá don tseachdmhuin, ar gcruinniughadh do na deisciobluibh a gceann a chéile, do bhriseadh arain, do bhrigh go raibh fáoi Phól imtheachd úatha lá ar na mhárach; do rinne sé seanmóir go meadhón oidhche.

8. Agus do bhádar mórán lóchrann a séomra árd, ann ar chruinnigheadar a gceann a chéile.

9. Agus do shuidh ogánach áirighe dár bhainm Eutichus ar fuinneóig, air dtuitim na chodladh go trom: agus ar mbeith do Phól a bhfad ag déunamh seanmóra, air na shárughadh tré chodladh, do thuit sé síos ón treas lota, agus do tógbhadh súas marbh é.

10. Agus ar ndul do Phól síos, do luigh sé air agus ar na fhásgadh ris dó, a dubhairt sé, Na bíodh buáidhreadh ar bith oruibh; óir atá a anum ann.

11. Agus ar ndul do Phól súas do bhris sé arán, agus a duáidh sé, agus do rinne sé comhrádh fada, go dtáinic máidin, dimthigh sé ann sin.

12. Agus tugadarsan an tóganach léo na bheáthuigh, agus níor bheag a ngáirdeachus.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 20