Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 19:5-12 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

5. Agus ar ná chlós so dhóibhsion, do ghabhadar baisdeadh chuca a nainm an Tighearna Iósa.

6. Agus ar gcur a lámh do Phól orrtha, tháinic an Spiorad Náomh orrtha; agus do labhradar lé teangthuibh, agus do rinneadar fáidheadoireachd.

7. Agus do bhádar uile a dtimcheall dá fhear dhéug.

8. Agus ar ndul dósan a steach don tsinagóig, do labhuir sé go dána, ar feadh thrí míos, ag diosbóireachd agus ag cruthúghadh na neitheann bheanus ré rioghachd Dé.

9. Achd an tráth do chrúaidheadar dream aca, agus nach ccreidfidis, achd go labhraidís go holc ar a tslighe sin a bhfíadhnuisi an phobúil, do imthigh Pól úatha, agus do dhealuigh sé na deisciobail, agus do bhíodh sé ag diosbóireachd gach éunlá a sgoil dhuine áirighe dár bhainm Tiránnus.

10. Agus do bhi so dhá dhéunamh ar feadh dhá bhlíadhan; a gcrúth go gcúaladar a raibh ann sa Náisia uile eidir Iúduidhe agus Ghréugach, bríathar an Tighearna Iósa.

11. Agus as mór na míorbhuile do rinne Día tré lámhuibh Phóil:

12. A gcrúth go mbeirthí ó na chorp éudaighe lámh nó cinn chum na ndáoine tinn, agus go sgaradh a neasláinte ríu, agus go nimthighdis drochspioruide asda.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 19