Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 19:26-41 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

26. Agus do chíthí agus do chluintí, gur fhill an Pólsa lé na bhríathraibh pobal mór, ní hé amháin a Nephesus, achd fós beag nach sa Násia uile, ag rádh nach Déé íad, do nithear lé lámhuibh:

27. Agus ní hí ar gcéird amháin as guáis dúinn do theachd chum masla; achd fós teampall na baindée móire Díana do dhul a dtarcuisne, agus go dtiocfadh chum críche go gcuirfí ar gcúl a morrdhachdsa, noch onóruigheas a Násia agus an domhan mór uile.

28. Agus ar na chlós so dhóibhsion, do líonadh íad dfeirg, agus do gháireadar, ag rádh, Is mór Díana na Nephésíanach.

29. Agus do bhí an chathuir uile ar na líonadh do bhúaidhreadh: agus do thiomáineadar déuntoil go háit chruinnighthe an phobail, agus rugadar ar Ghaíus agus ar Aristarcus, Macedónaigh, comhaisdrighe Phóil.

30. Agus ar na shantughadh do Phól dul a steach a measg an phobuil, níor leígeadar na deisciobail dó.

31. Agus mar an gcédna do chuireadar cuid áirighe dúachdaranuibh na Hasia, do bhí na gcáirdibh aige, teachda chuige, dá íarruidh air gan dul go háit chruinnighthe an pobuil.

32. Uime sin do éigh cuid díobh an nísi, agus cuid ní eile: óir do bhí an coimhthionól buaidheartha; agus ní raibh a fhios ag an gcuid na mó dhíobh créd é an tadhbhar fá dtangadar a gceann a chéile.

33. Agus rugadar amach ríu as a tslúagh Alecsandar, noch do thiomáineadar na Iuduighe rompa. Agus ar sméideadh Dhalecsandar lé na láimh, ag iarruidh éisdeachda, dob áill leis an tadhbhar dinnisin don phobal.

34. Agus an tan do aithnigheadar gur Iudaighe é, do thógbhadar uile gáir ag éighmhe a dtimcheall dhá uáir, Is mór Díana na Nephésíanch.

35. Ann sin do chíuinaidh an cléireach an pobal, ag rádh, A luchd Ephesus, cía an duine ag nach bhfuil a fhios go nonóruigheann cathair na Nephésianach an bhaindía mhór Díana, agus a ní tháinic a núas o Iupiter?

36. Ar a nadhbharsin ó nach bhféudann duine ar bith cur na aghuidh so, is coir dhíbhsi súaimhneas do dhéunamh, agus gan éinni dhéunamh go hóbann.

37. Oír tugabhuir na dáoinesi libh, nach ar ghoid áoinní as na heagluisibh, agus nach dtug aithnis do bhur mbaindia.

38. Ar a nadhbharsin má atá adhbhar ag Demétrius, agus ag luchd a cheirde atá na fhochuir, ar dhuine ar bith, atá an chúirt ar bhfaghal, agus atáid na húachdaráinn ann: éilighidis féin a chéile.

39. Achd ma atá bhur gcéisd fá adhbhuruibh eile, réidhfidhear í a gcoimhthionól dlisdeanach.

40. Oíratamáoíd a ngábhadh go néiléochthar sinn a cceannairce ar son an láoi a niugh, óir ní bhfuil adhbhar ar bith ann a bhféudmaid reusún do thabhuirt ar son an chruinnighesi.

41. Agus an tan a dubhairt sé so, do chuir sé an choimhthionól air síubhal.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 19