Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 19:24-30 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

24. Oír do bhí ceard airgid áirighe dár bhainm Demétrius, do níodh teampuill airgid do Dhíana, agus fúair fabhálus nar bheag don luchd céirde.

25. Ar gcruinniughadh dhósan a raibh ré na leithéid sin do chried, a dubhairt sé ríu, A dháoine, atá a fhios aguibh gur leis an gcéirdse do gheibhmídne ar sochar.

26. Agus do chíthí agus do chluintí, gur fhill an Pólsa lé na bhríathraibh pobal mór, ní hé amháin a Nephesus, achd fós beag nach sa Násia uile, ag rádh nach Déé íad, do nithear lé lámhuibh:

27. Agus ní hí ar gcéird amháin as guáis dúinn do theachd chum masla; achd fós teampall na baindée móire Díana do dhul a dtarcuisne, agus go dtiocfadh chum críche go gcuirfí ar gcúl a morrdhachdsa, noch onóruigheas a Násia agus an domhan mór uile.

28. Agus ar na chlós so dhóibhsion, do líonadh íad dfeirg, agus do gháireadar, ag rádh, Is mór Díana na Nephésíanach.

29. Agus do bhí an chathuir uile ar na líonadh do bhúaidhreadh: agus do thiomáineadar déuntoil go háit chruinnighthe an phobail, agus rugadar ar Ghaíus agus ar Aristarcus, Macedónaigh, comhaisdrighe Phóil.

30. Agus ar na shantughadh do Phól dul a steach a measg an phobuil, níor leígeadar na deisciobail dó.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 19