Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 19:18-26 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

18. Agus tangadar mórán don mhuinntir do chreid, ag admháil, agus ag innsin a ngniomharthadh féin.

19. Agus fós morán don mhuinntir do ghnáthuigheadh drochealadhna, tugadar a leabhuir léo, agus do dhóigheadar a bhfíadhnuisi cháich uile iad: agus dó chomháirmheadar a lúach, agus fúaradar é na dheich mile agus da fhíchead píosa airgid.

20. Do fhás bríathar Dé agus rug sí búáidh chomhláidir sin.

21. Agus ar gcríochnúghadh na neitheadhsa, do chuir Pól roimhe ann inntinn, tar éis dul tré Mhacedónia, agus Achaía dhó, dul go Hiarusalém, ag rádh, Tar éis mé bheith ann sin, as éigin damh an Róimh dfheachain.

22. Agus ar gcur dheisi don mhuinntir do bhíodh ag minisdrálachd dó, eadhon Timotéus agus Erastus don Mhacedonia; dfan sé féin na Násia ar feadh tamuill.

23. Agus fá naimsin déirigh trioblóid nár bheag a dtimcheall shligheadh an Tighearna.

24. Oír do bhí ceard airgid áirighe dár bhainm Demétrius, do níodh teampuill airgid do Dhíana, agus fúair fabhálus nar bheag don luchd céirde.

25. Ar gcruinniughadh dhósan a raibh ré na leithéid sin do chried, a dubhairt sé ríu, A dháoine, atá a fhios aguibh gur leis an gcéirdse do gheibhmídne ar sochar.

26. Agus do chíthí agus do chluintí, gur fhill an Pólsa lé na bhríathraibh pobal mór, ní hé amháin a Nephesus, achd fós beag nach sa Násia uile, ag rádh nach Déé íad, do nithear lé lámhuibh:

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 19