Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 17:3-9 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

3. Ag miniughadh agus a dearbhughadh, gur bhéigin do Chríosd fulang, agus éirighe a rís ó mharbhuibh; agus gur ab é so Críosd, an Tiosa do nímsi sheanmóir dháoibh.

4. Agus do chreideadar cuid áirighe dhíobh, agus do leanadar do Phól agus do Shílas; agus mar an gcéadna mórán do Ghréugachaibh cráibhtheach, agus do mhnáibh uáisle níar bheag.

5. Achd do ghabh iomthnúdh, na Iúdaidhe nár chreid, agus ag cruinniughadh dhrochdháoine airighe agus chorra-marguidh, do rinneadar cuideachda mhór, agus do bhuáidhreadar an chathuir, agus tangadar a dtimcheall tighe lásoin, ag iarruidh íadsan do thabhairt amach chum an phobuil.

6. Agus an tan nach bhfúaradar íadsan, do thairngeadar Iáson agus cuid áirighe dona braithribh chum úachdarán na caithreach, ag éighmhe, Iad so do chuir an sáoghal bun os cionn thangadar an so mar an cceadna;

7. Noch dhá dtug Iáson áoidheachd: agus atáid siad uile ag cur a naghuidh órduighthe Shéasair, ag rádh go bhfuil rí eile ann, eadhon Iósa.

8. Agus do bhuaidhreadar an pobal agus úachdaráin na caithreach, ar gclós na neitheadhso dhóibh.

9. Agus ar ngabhail urrnaidhe ó Iáson, agus ón chuid eile, do léigeadar úatha íad.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 17