28. Oír is annsan mhairmíd, agus chorruighemíd, agus atámáoid; do réir mar a dubhradar cuid dá bhur bhfileadhaibhsi, Oír is dá chinéulsan fós sinn.
29. Ar a nadhbharsin ar mbeith dhúinn do chinéul Dé, ní coir dhúinn a bhreathnughadh gur cosmhuil an Díaghachd ré hór, ná ré hairgead, ná rá cloich, ar na grabháil lé healuidhin nó lé hinntleachd dháonda.
30. Uime sin ar léigean aimseara a nainbhfisi thairis do Dhía; do bheir sé a mois fúagra do nuile dhuine ann gach áonáit aithreachus do dhéunamh:
31. Ar an adhbhar gur órduigh sé lá, an a mbéura sé breath chomhthrom ar a tsáoghal tres an bhfear úd do órduigh sé; agus mar dhearbhadh ar so do nuile dhuine, thóg sé súas ó mharbhuibh é.
32. Achd an tan do chúáladarsan dó eiséirighe na marbh, do rinneadar cuid díobh fonámhad: achd a dubhradar cuid eile, Eisdfeam riot a rís dhá tháobh so.
33. Agus as mar sin do imthigh Pól amach as a lár.
34. Achd cuid aca ag céangal ris, do chreideadar: eidir a raibh Dionísius Areopagíta, agus bean dár bhainm Damaris, agus dream eile maille ríu.