Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 17:25-34 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

25. Agus fós ní tugthar onóir dhó lé lamhuibh dáoine, amr do bhíadh ríachdanus éinneithe air, óir is é féin do bheir beatha, agus anál, agus gach uile ní do na huile neithibh;

26. Agus do rinne sé a nuile cheinél dáoine déunfhuil amháin do chum go naitéochaidis ar dhruím na talmhan uile, agus do chinn sé aimseardha reumhórduighe, agus teóranna a náitreabhaidhsan;

27. Do chum go niarrfaidís an Tighearna, da madh eídir léo a fhaghail, ré a ghlacadh, gé nach fada ó éunduine aguinn é:

28. Oír is annsan mhairmíd, agus chorruighemíd, agus atámáoid; do réir mar a dubhradar cuid dá bhur bhfileadhaibhsi, Oír is dá chinéulsan fós sinn.

29. Ar a nadhbharsin ar mbeith dhúinn do chinéul Dé, ní coir dhúinn a bhreathnughadh gur cosmhuil an Díaghachd ré hór, ná ré hairgead, ná rá cloich, ar na grabháil lé healuidhin nó lé hinntleachd dháonda.

30. Uime sin ar léigean aimseara a nainbhfisi thairis do Dhía; do bheir sé a mois fúagra do nuile dhuine ann gach áonáit aithreachus do dhéunamh:

31. Ar an adhbhar gur órduigh sé lá, an a mbéura sé breath chomhthrom ar a tsáoghal tres an bhfear úd do órduigh sé; agus mar dhearbhadh ar so do nuile dhuine, thóg sé súas ó mharbhuibh é.

32. Achd an tan do chúáladarsan dó eiséirighe na marbh, do rinneadar cuid díobh fonámhad: achd a dubhradar cuid eile, Eisdfeam riot a rís dhá tháobh so.

33. Agus as mar sin do imthigh Pól amach as a lár.

34. Achd cuid aca ag céangal ris, do chreideadar: eidir a raibh Dionísius Areopagíta, agus bean dár bhainm Damaris, agus dream eile maille ríu.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 17