Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 17:23-34 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

23. Oír tan an do shiobhail mé ó áit go háit, agus do chunnairc mé bhur neithe náomhtha, fuáir mé altóir áirighe ann a raibh sgriobhtha DON DIA ANAITHNIDH. Ar a nadhbharsin as é an Día sin onórtháoi as gan a fhios aguibh cía hé, atáimsi do cheanmóir dhibh.

24. Oír ní dheannann an Día do rinne an domhan agus gach uile ni dhá bhfuil ann, ar mbeith dhó na Thighearna ar neamh agus talamh, comhnuidhe a dteampluibh láimh-dhéanta;

25. Agus fós ní tugthar onóir dhó lé lamhuibh dáoine, amr do bhíadh ríachdanus éinneithe air, óir is é féin do bheir beatha, agus anál, agus gach uile ní do na huile neithibh;

26. Agus do rinne sé a nuile cheinél dáoine déunfhuil amháin do chum go naitéochaidis ar dhruím na talmhan uile, agus do chinn sé aimseardha reumhórduighe, agus teóranna a náitreabhaidhsan;

27. Do chum go niarrfaidís an Tighearna, da madh eídir léo a fhaghail, ré a ghlacadh, gé nach fada ó éunduine aguinn é:

28. Oír is annsan mhairmíd, agus chorruighemíd, agus atámáoid; do réir mar a dubhradar cuid dá bhur bhfileadhaibhsi, Oír is dá chinéulsan fós sinn.

29. Ar a nadhbharsin ar mbeith dhúinn do chinéul Dé, ní coir dhúinn a bhreathnughadh gur cosmhuil an Díaghachd ré hór, ná ré hairgead, ná rá cloich, ar na grabháil lé healuidhin nó lé hinntleachd dháonda.

30. Uime sin ar léigean aimseara a nainbhfisi thairis do Dhía; do bheir sé a mois fúagra do nuile dhuine ann gach áonáit aithreachus do dhéunamh:

31. Ar an adhbhar gur órduigh sé lá, an a mbéura sé breath chomhthrom ar a tsáoghal tres an bhfear úd do órduigh sé; agus mar dhearbhadh ar so do nuile dhuine, thóg sé súas ó mharbhuibh é.

32. Achd an tan do chúáladarsan dó eiséirighe na marbh, do rinneadar cuid díobh fonámhad: achd a dubhradar cuid eile, Eisdfeam riot a rís dhá tháobh so.

33. Agus as mar sin do imthigh Pól amach as a lár.

34. Achd cuid aca ag céangal ris, do chreideadar: eidir a raibh Dionísius Areopagíta, agus bean dár bhainm Damaris, agus dream eile maille ríu.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 17