2. Agus mar bá ghnáth ré Pól, do chúaidh sé a steach chuca, agus do rinne sé diosbóireachd ríu as na sgriobtúiribh ar feadh thrí lá sábboide,
3. Ag miniughadh agus a dearbhughadh, gur bhéigin do Chríosd fulang, agus éirighe a rís ó mharbhuibh; agus gur ab é so Críosd, an Tiosa do nímsi sheanmóir dháoibh.
4. Agus do chreideadar cuid áirighe dhíobh, agus do leanadar do Phól agus do Shílas; agus mar an gcéadna mórán do Ghréugachaibh cráibhtheach, agus do mhnáibh uáisle níar bheag.