Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 17:10-18 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

10. Agus ar an mball do chuireadar na bráithre sa noidhche uathadh Pól agus Sílas go Beréa: agus ar dteachd dóibh ann sin do chúadar a steach go sinagóig na Níuduidhe.

11. Agus dob uáisle na Híuduidhe sin na an mhuinntir do bhí a Dtessalonica, agus do ghabhadar an bhríathar go ro lúthgháireach chuca, ag cúartughadh na sgríobtúireadh gach éun lá, dá fhéuchuin an mar sin do bhádar na neithesin.

12. Uime sin do chreideadar mórán díobh; agus mar an gcéudna mórán ban úasal do na Gréugachuibh, agus fear leis, níar bheag.

13. Agus an tan fuáir na Iúdáidhe do bhí a Dtessalonica, fios go ndearna Pól bríathar Dé sheanmóir ag Beréa leis, do chúádar ann sin mar an gcéudna, do chur buaidheartha ar an bpobal.

14. Achd do chuireadar na bríathre Pól úatha ar an mball amhail as go rachadh sé ar fairrge: achd dfan Sílas agus Timotéus ann sin na gcomhnuidhe.

15. Agus an chuideachda do chuáidh lé Pól do thréoraigheadar é go cathuir na Haithne: agus ar bhfagháil áithne dhóibh chum Sílais agus Thimotéus do chum go dtiocfaidís mar is luáithe do fhéudfaidis chuige, dimthigheadar rompa.

16. Achd ar mbeith do Phól ag fuireach ríusan a ccathair na Haithne, do bhí a spiorad air na bhuaidhreadh ann, tré go bhfacuidh sé an chathuir lán diodhaladhradh.

17. Ar a nadhbharsin do rinne sé diosbóireachd ann sa tsíonagóig ris na Iúduighibh, agus ris na dáoinibh riaghalta, agus ré gach áon dá dteagmhadh dhó ar an margadh gach éun lá.

18. Agus do rinneadar feallsamhnuighe áirighe do na Hepicúrachuibh, agus do na Stoicibh, connspóid ris. Agus a dubhradar cuid dhíobh, Cred as áill leis an bhfear mbriosg-ghlórachso do rádh? agus a dubhradar cuid eile, As cosmhuil ris bheith na sheanmóntuidhe ar dhéeibh coimhightheacha: ar son gur sheanmóir sé Iósa, agus a néiseirghe dhóibh.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 17