Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 16:13-23 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

13. Agus do chúamar a mach as an gcathruigh lá na sábboide chois a tsrothá, mar a ngnáthuighthí urnaighe do dhéunamh; agus ar suidhe dhúinn ann sin, do labhramar re mnaibh do bhí ar cruinniughadh ann.

14. Agus bean áirighe dár bhainm Lídia, reacadóir purpuir, a gcathruigh na Dtiatirach, noch do onóruigheadh Día, déisd sí rinn: ag ar osgail an Tighearna a cróidhe, chum aire do thabhuirt do na neithibh a dubhairt Pól.

15. Agus ar ngabháil bhaisdidh, dhi féin agus do luchd a tighe, do ghuidh sí sinn, ag rádh, Má mheasdáoi go bhfuilim díleas don Tighearna, tigidh, do dhéunamh comhnuidhe dom thigh. Agus do choimhéigni sí sinn.

16. Agus tárla, ag dul dhúinn do dhéunamh urnaighe, go dtárla cailín áirighe oruinn agá raibh spiorad faisdine, fuair fábhaltus mór dá tighearnuibh féin lé fáisdine do dhéunamh:

17. Do lean sí so Pól agus sinne, agus do éigh sí, ag rádh, Is seirbhísigh don Día ro árd na dáoinesi, moch shoisgéulas dáoibh slighe na sláinte.

18. Agus do rinne sí so mórán do laéthibh. Achd do ghoill sin, ar Phól, agus dfill sé air ais agus a dubhairt sé ris a spiorud, Aithnighim dhíot a nainm Iósa Críosd teachd amach aisde. Agus ar a núair sin do imthigh an spiorad aisde.

19. Agus an tan do chunncadar a tighearnuidhesi gur imthigh muinighin a bfábhaltuis féin, do chuireadar lámh a Bpól agus a Sílas, agus rugadar léó don mhargadh íad chum na núachdarán,

20. Agus ar na dtairgsin do na húachdaránuibh, a dubhradar, Búaidhrid na dáoinesi ar gcathuirne, óir is dón chineadh Iúdaidhe íad,

21. Agus múinid síad órduighe, nach dleisdeanach dhúinne do ghabháil, na do leanmhuin, dó bhrígh gur Romhánuigh sinn.

22. Agus do éiridh an pobal a náoinfheachd na naghuidh: agus ar réubadh a néuduigheadh do na hoifigibh, do áithneadar gabháil do shlatuibh orrtha.

23. Agus ar ngabháil orrtha go romhór dhóibh, do chuireadar a bpríosún íad, dá áithne dfear coimhéuda an phríosúin a gcoimhéud go ró dhaingean:

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 16