Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 15:9-23 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

9. Agus ní dhearna sé éidirdhéalughadh ar bith eadruinne agus íad, ag glanadh a gcróidheadh lé creideamh.

10. Uime sin a nois créud fá bhfuiltí ag cur chathúighthe ar Dhía, ag cur chuinge ar mhuinéuluinbh na ndeisciobal, nar fhéudadar ar naithreacha ná sinn féin iomchar?

11. Achd creidmíd go sláinéochthar sinn comhmaith léosan, tré ghrasuibh an Thighearna Iósa Chríosd.

12. Ann sin do thochdadar an chuideachda uile, agus tugadar éisdeachd do Bharnabas agus do Phól, ag innisin créad é méud na gcomharthadh agus na míorbhuileadh do rinne Día thríothadh féin eidir na Cineadhachuibh.

13. Agus ar sgur dha dtagra dhóibh, do fhreaguir Séumus, ag rádh, A fheara agus a bhráithreacha, éisdigh riumsa:

14. Dinnis Siomón dáoibh cionnus dféuch Dia ó thosach, chum pobail do bhuáin as na Cíneadhachnibh dhá ainm féin.

15. Agus tigid bríathra na bhfaidheadh leis an nisi; do réir mar atá sgríobhtha,

16. Fillfidh mé na dhiáigh so, agus tóigéubhuidh mé súas a rís tábernacuil Dháibhi, atá ar dtuitim; agus cóiréochaidh mé an ní do thuit de, agus cuirfidh mé súas é a rís:

17. Do chum go níarrfaidís an chuid eile do na dáoinibh an Tighearna, agus na huile Chineadhacha, ar a ngoirthear mainm, a deir an Tighearna noch do ní na neithesi uile.

18. Atá fios a oinreacha féin uile ó thosach an tsáogháil ag Día.

19. Uime sin measuimsi, nach cóir míshuáimhneas do chur air a ndreim do na Cineadhachuibh, dfill chum Dé:

20. Achd as insgríobhtha chuca, iad féin do sheachna ar thruáillighthibh na niodhal, agus ar stríopthachus, agus ó ní tachduighthe, agus ó fhuil.

21. Oír atáid ag Maóisi ó na seanaimsireachuibh a nall dáoine do nía sheanmórughadh a ngach áon chathruigh, ann sna sinagóguibh ann a léughthar gacha sábbóid é.

22. Ann sin do chonncas do na habsdalaibh agus do na sinnsearaibh, maille ris a neagluis uile, dáoine toghtha dhíobh féin do chur go Hantíochia lé Pól agus lé Barnabas; eadhon, Iúdas dar comhainm Barnabas, agus Sílas, dáoine oirrdheirc eidir na bráithreachuibh:

23. Ag sgríobhadh leithreacha ríu mar so; Beatha agus sláinte ó na heasbuluibh agus ó na seinnsearuibh agus ó na bráithribh chum na mbráthar do na Cineadhachuibh átá a Naintíochia agus a Síria agus a Cilícia:

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 15