Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 15:32-41 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

32. Mar an gcéadna ar mbeith do Iúdas agus do Shílas, na bhfaidhibh, do theaguisgeadar agus do neartuigheadar, na bráithre lé mórán briathar.

33. Agus tair éis íad fhuireach ann sin ar feadh tamuill, do leigeadar na bráithre íad a siothcháin úatha chum na nabsdal.

34. Achd do chonncas do Shilás comhnuighe ann sin.

35. Achd do fhan Pól agus Barnabas fós a Naintíochia, ag teagusg agus ag soisgéulughadh bhreithre an Tighearna, máráon fós ré mórán eile.

36. Achd a ndiáigh láetheadh áirighe a dubhairt Pól ré Barnabas, Filleam dféuchain ar mbráithreach atá ann gach áon chathruigh ann a ndearnamar bríathar an Tighearna do sheanmóir, cionnus atáid síad.

37. Agus do shanntuigh Barnabas Eóin dá ngoirthear Marcus, do bhreith léo.

38. Achd níor bháill lé Pól an té, dó chúaidh úatha as Pamphília, agus nach deachaidh ríu chum na hoibre, do bhreith na gcuideachda.

39. Uime sin do éirigh easáonta eatorra, a gcrúth gur sgaradar ré chéile: achd rug Barnabas Marcus leis, agus do chúaidh sé a luing go Cíprus;

40. Achd dó thógh Pól Silas dó féin, agus do imthigh sé roimhe, ar na chur ar comairce ghrás Dé do na bráithribh.

41. Agus do shiobhail sé ar feadh Shíria agus Chilícia, ag coimhneartughadh na néagluiseadh.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 15