Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 15:2-19 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

2. Uime sin tair éis Pól agus Barnabas conspóid agus diosbóireachd nar bheag do dhéanamh na naghaidh, dorduigheadar Pól agus Barnabas, agus cuid eile dhíobhsab, do dhul súas go Híarusalem chum na nabsdal agus na sinnsear a dtimcheall na ceasda so.

3. Agus ar na séoladh do neagluis, do ghabhadar tré Pheníce agus Shamária, ag innisin fhillte na Gcineadhach: agus do chuireadar lúthgháir mhór ar ná bráithribh uile.

4. Agus ar dteachd go Hiarusalém dhóibh, do ghabhadar a neagluis, agus na habsduil agus na sinnsir chuca íad, agus dinniseadarsan méud na nitheann do rinne Día thríothadh.

5. Gidheadh déirghe dream áirighe deiriceachd na Bphairsíneach do chreid, ag rádh, Go ccaithfidh a ttimcheallghearradh, agus a chur dfíachuibh orrtha dligheadh Mháoisi choimhéud.

6. Ar a nadhbharsin tangadar na habsduil agus na seinnsir ar áonball dféuchuinn a dtimcheall a neithse.

7. Agus ar ndéunamh móráin diosbóireachda dhóibh, déirigh Peadar súas, agus a dubhairt sé ríu, A fheara agus a bhraithreacha, atá a fhios aguibhsi gur thog Día eadruinne fada ó shin, go gcluinfidis na Cineadhacha briathar an tsoisgéil as mo bhéalsa, agus go gcreidfidís.

8. Agus do rinne Día, dar ab aithne na croidhthe, fínné dhóibhsion, ag tabhuirt an Spiorad Náoimh dhóibh, chomhmaithlinne;

9. Agus ní dhearna sé éidirdhéalughadh ar bith eadruinne agus íad, ag glanadh a gcróidheadh lé creideamh.

10. Uime sin a nois créud fá bhfuiltí ag cur chathúighthe ar Dhía, ag cur chuinge ar mhuinéuluinbh na ndeisciobal, nar fhéudadar ar naithreacha ná sinn féin iomchar?

11. Achd creidmíd go sláinéochthar sinn comhmaith léosan, tré ghrasuibh an Thighearna Iósa Chríosd.

12. Ann sin do thochdadar an chuideachda uile, agus tugadar éisdeachd do Bharnabas agus do Phól, ag innisin créad é méud na gcomharthadh agus na míorbhuileadh do rinne Día thríothadh féin eidir na Cineadhachuibh.

13. Agus ar sgur dha dtagra dhóibh, do fhreaguir Séumus, ag rádh, A fheara agus a bhráithreacha, éisdigh riumsa:

14. Dinnis Siomón dáoibh cionnus dféuch Dia ó thosach, chum pobail do bhuáin as na Cíneadhachnibh dhá ainm féin.

15. Agus tigid bríathra na bhfaidheadh leis an nisi; do réir mar atá sgríobhtha,

16. Fillfidh mé na dhiáigh so, agus tóigéubhuidh mé súas a rís tábernacuil Dháibhi, atá ar dtuitim; agus cóiréochaidh mé an ní do thuit de, agus cuirfidh mé súas é a rís:

17. Do chum go níarrfaidís an chuid eile do na dáoinibh an Tighearna, agus na huile Chineadhacha, ar a ngoirthear mainm, a deir an Tighearna noch do ní na neithesi uile.

18. Atá fios a oinreacha féin uile ó thosach an tsáogháil ag Día.

19. Uime sin measuimsi, nach cóir míshuáimhneas do chur air a ndreim do na Cineadhachuibh, dfill chum Dé:

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 15