Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 13:45-49 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

45. Achd ar a bhfaicsin an phobail do na Iúdaighibh, do líonadh do thnúth íad, agus tangadar a naghaidh na neitheann do labhair pól, da gconntrarghadh agus ag labhairt ortha go masluightheach.

46. Achd ar ndéunamh dánachda do Phól, agus do Bharnabas, a dubhradar, Is ribhse ar tús dob éigean bríathar Dé do labhairt: gidheadh ó churtháoi ar gcúl í, agus go mbeirthí do bhreith nach fíu sibh an bheatha mharthanach dfagháil, féuch, atámaidne ag filleadh chum na Gcineadhach.

47. Oír is mar sin do aithin an Tighearna dhínn, ag rádh, Do chuir mé thú mar sholas do na Cineadhachaibh, agus marshlánughadh go leithimlibh na talmhan.

48. Agus ar gclós na neitheannsa do na Cineadhachaibh, do ghabh gáireachus íad, agus do ghlóraigheadar bríathar an Tighearna: agus do chreideadar an mhéid do bhí ar na nórdughadh chum na beatha marthanaighe.

49. Agus do leathnaigh bríathar an Tighearna air feadh na tíre uile.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 13