Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 13:16-23 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

16. Ar neirghe súas do Phól an tan sin, agus ar sméideadh dhó ré na láimh, a dubhairt sé, A fheara Israélacha, agus sibhse ar a bhfuil eagla Dé, éisdigh.

17. Do thogh Día an phobailse Israél ar naithreacha, agus do árdaigh sé an pobal an tan do bhádar na gcomhnuighe sa Néigipt, dp thréoraigh sé as sin amach íad ré laimh áird.

18. Agus a dtimcheall aimsire dhá fhichead bliadhan do fhulaing sé a mbéasa sa bhfásach.

19. Agus ar sgrios dó na seachd gcineadhach a dtír Chánaan, do roinn sé ré crannchar a bhfearann dóibh.

20. Agus na dhíaigh sin, a dtimcheall dheich mblíadhan agus dá fhichead agus cheithre gcéud tug sé breitheumhain dóibh, go dteachd Shamuel an fáidh.

21. Agus na dhíaigh sin díarradar rí, agus tug Día Sául dóibh mac Chis, fear do threibh Bheniamin, feadh dhá fhichead bliadhan.

22. Agus ar na áthrughadh súd dhó, do thóg sé súas Dáibhí na rígh dhóibh; dá ndearnaidh sé mar an gcédna fíadhnuise, ag rádh, Fuáir mé Dáibhí mac Iesse, na dhuine do réir mo chroidhe féin, noch do dhéunaigh mo thoil uile.

23. As dá shíol so do thóg Día súas do réir na geallamhna an Slánaightheóir, Iósa Diosrael:

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 13