Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 13:14-20 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

14. Agus ar ndul dóibhsion ó Pheirge, tangadar go Hantióchia na Pisídia, agus ar ndul a steach dhóibh don tsinagóig lá na sabbóide, do shuígheadar síos.

15. Agus tar éis léighthe an reachda agus na bhfáigheadh do chuireadar uachdaráin na sionagóige teachdaireachd chuca, ag rádh, A fheara agus a dhearbhráithreacha, má atá agaibh briathar ar bith lé a dteagaisgfí an pobal, labhruidh í.

16. Ar neirghe súas do Phól an tan sin, agus ar sméideadh dhó ré na láimh, a dubhairt sé, A fheara Israélacha, agus sibhse ar a bhfuil eagla Dé, éisdigh.

17. Do thogh Día an phobailse Israél ar naithreacha, agus do árdaigh sé an pobal an tan do bhádar na gcomhnuighe sa Néigipt, dp thréoraigh sé as sin amach íad ré laimh áird.

18. Agus a dtimcheall aimsire dhá fhichead bliadhan do fhulaing sé a mbéasa sa bhfásach.

19. Agus ar sgrios dó na seachd gcineadhach a dtír Chánaan, do roinn sé ré crannchar a bhfearann dóibh.

20. Agus na dhíaigh sin, a dtimcheall dheich mblíadhan agus dá fhichead agus cheithre gcéud tug sé breitheumhain dóibh, go dteachd Shamuel an fáidh.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 13