Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 13:11-24 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

11. Agus anois, féuch, lámh an Tighearna ad aghaidh, agus biaidh tú dall, gan amharc na gréine agad feadh sealad. Agus ris sin féin do thuit céo agus dorchadus air; agus do shir sé fa gcuáirt dream éigin do threoróchadh ar láimh é.

12. Ar bhfaicsin don uachdarán, an tan sin a ní do rinneadh ann, do chreid sé, ag déanamh iongantuis fá theagusg an Tighearna.

13. Agus ar nimtheachd do Phól agus don druing do bhí na fhochair a luing ó Pháphus, tangadar go Pérge na Pamphília: Agus ar ndeulughadh Deóin ríu, dfill sé go Hiarusalém.

14. Agus ar ndul dóibhsion ó Pheirge, tangadar go Hantióchia na Pisídia, agus ar ndul a steach dhóibh don tsinagóig lá na sabbóide, do shuígheadar síos.

15. Agus tar éis léighthe an reachda agus na bhfáigheadh do chuireadar uachdaráin na sionagóige teachdaireachd chuca, ag rádh, A fheara agus a dhearbhráithreacha, má atá agaibh briathar ar bith lé a dteagaisgfí an pobal, labhruidh í.

16. Ar neirghe súas do Phól an tan sin, agus ar sméideadh dhó ré na láimh, a dubhairt sé, A fheara Israélacha, agus sibhse ar a bhfuil eagla Dé, éisdigh.

17. Do thogh Día an phobailse Israél ar naithreacha, agus do árdaigh sé an pobal an tan do bhádar na gcomhnuighe sa Néigipt, dp thréoraigh sé as sin amach íad ré laimh áird.

18. Agus a dtimcheall aimsire dhá fhichead bliadhan do fhulaing sé a mbéasa sa bhfásach.

19. Agus ar sgrios dó na seachd gcineadhach a dtír Chánaan, do roinn sé ré crannchar a bhfearann dóibh.

20. Agus na dhíaigh sin, a dtimcheall dheich mblíadhan agus dá fhichead agus cheithre gcéud tug sé breitheumhain dóibh, go dteachd Shamuel an fáidh.

21. Agus na dhíaigh sin díarradar rí, agus tug Día Sául dóibh mac Chis, fear do threibh Bheniamin, feadh dhá fhichead bliadhan.

22. Agus ar na áthrughadh súd dhó, do thóg sé súas Dáibhí na rígh dhóibh; dá ndearnaidh sé mar an gcédna fíadhnuise, ag rádh, Fuáir mé Dáibhí mac Iesse, na dhuine do réir mo chroidhe féin, noch do dhéunaigh mo thoil uile.

23. As dá shíol so do thóg Día súas do réir na geallamhna an Slánaightheóir, Iósa Diosrael:

24. Ar mbeith Deóin roimh eísion do theachd ag seanmórughadh bhaisdigh na haithrighe do phobal Israél uile.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 13