Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 12:5-13 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

5. Uime sin do coimhéudadh Peadar a bpriosún: agus do rinne a neagluis úrnaighe go dúthrachdach chum Dé ar a shon.

6. Agus ar mbeith Dioruáidh ar tí a thabhairt amach, sa noidhche sin féin do chodail Peadar eidir dhís saighdíuir, ar na cheangal ré dhá shlábhradh: agus do bhádar an luchd coimhéuda ag coimhéud an phriosúin ag an dorus.

7. Agus féuch, do sheas aingeal an Tighearna a lathair, agus do dhealruidh solus sa tígh: agus ar mbúaladh Pheadar ann a tháobh, do thog sé súas é, ag rádh, Eirídh go lúath. Agus do thuiteadar na slabhraidhe dhá lámhaibh.

8. Agus a dubhairt an taingeal ris, Cuir do chrios thort, agus ceangail ort do bhróga. Agus do rinne sé mar sin. Agus a dubhairt sé ris, Cuir do bhrat iomad, agus lean misi.

9. Agus ar nimtheachd amach do Pheadar, do lean sé é, agus ní raibh a fhios aige gur bhfíor a ní do rinneadh trés a naingeal; achd do shaóil sé gur taidhbhse do chunnairc sé.

10. Agus a nimtheachd dóibh tré san gcéud fhaire agus tré san dara faire, tangadar chum an ghéata íarainn, thréoraighais chum na caithreach; noch do osgail dhóibh úadh féin: agus ar ndul amach dhóibh, do shiubhladar thríd áon sráid amháin; agus ar an mball do imthigh an taingeal úadh.

11. Agus ar dteachd do Pheadar chuige féin, a dubhairt sé, A nois atá a fhios agum go dearbhtha, gur chuir an Tighearna a aingeal úadh, agus gur sháor sé mé ó laimh Iorúaidh, agus ó uile choimhéud an phobail Iúdaighe.

12. Agus ar mbreathnughadh an neithese dhó, tháinic sé go tigh Mhuire mathair Eóin, dar comhainm Marcus; áit a rabhadar mórán cruinn a bhfochair a chéile, agus ag déunamh úrnaighe.

13. Agus ar mbúaladh dhorais an phóirse do Pheadar, tháinic cailín chuige dár bhainm Rhóda, déisdeachd ris.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 12