Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 12:4-9 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

4. Agus ar na ghabháil dó, do chuir sé a bpriosún é, ar na thabhairt dá choimhéud do cheithre choírighthibh do shaighdiúiribh; ar mbeith fonn mhar dhó ar a thabhairt amach chum an phóbail a ndiáigh ná Cásg.

5. Uime sin do coimhéudadh Peadar a bpriosún: agus do rinne a neagluis úrnaighe go dúthrachdach chum Dé ar a shon.

6. Agus ar mbeith Dioruáidh ar tí a thabhairt amach, sa noidhche sin féin do chodail Peadar eidir dhís saighdíuir, ar na cheangal ré dhá shlábhradh: agus do bhádar an luchd coimhéuda ag coimhéud an phriosúin ag an dorus.

7. Agus féuch, do sheas aingeal an Tighearna a lathair, agus do dhealruidh solus sa tígh: agus ar mbúaladh Pheadar ann a tháobh, do thog sé súas é, ag rádh, Eirídh go lúath. Agus do thuiteadar na slabhraidhe dhá lámhaibh.

8. Agus a dubhairt an taingeal ris, Cuir do chrios thort, agus ceangail ort do bhróga. Agus do rinne sé mar sin. Agus a dubhairt sé ris, Cuir do bhrat iomad, agus lean misi.

9. Agus ar nimtheachd amach do Pheadar, do lean sé é, agus ní raibh a fhios aige gur bhfíor a ní do rinneadh trés a naingeal; achd do shaóil sé gur taidhbhse do chunnairc sé.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 12