Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 12:18-25 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

18. Agus ar néirighe don lá, déiridh buáidhirt nar bheag a measg na saighdíuir, a dtimcheall créd thárla do Pheadar.

19. Agus ar ná íarraidh Dioruáidh, agus nách bhfuáir, ar cceasdughadh an luchd coimhéuda dhó, dáithin sé a mbreith amach chum pionúis. Agus ar ndul siós dó ó thír Iúdaighe go Séasáréa, do chomhnaigh sé ann sinn.

20. Do bhí Ioruáidh an tan sin ro dhíomghach do luchd Thíruis agus Shídoin: achd tangadarsan dáontoil chuige, agus, ar dtabhairt Bhlastuis eadhon séomradóir an rí ar a dtoil, díarradar síocháin; do bhrígh go raibh a ttír dhá cothughadh tré thír an rí.

21. Agus an lá orduighe airighe ar mbeith Dioruáidh, ar na éudughadh a néudach ríogha, agus na shuídhe sa gcathaóir bhreitheamhnais, do rinne sé óraid dhóibh.

22. Agus do gháireadar an pobal, Gúth Dé so, agus ní gúth duine.

23. Agus a nuáirsin féin do bhuáil aingeal an Tighearna é, do bhrígh nach ttug sé glóir do Dhía: agus ar na ithe do phíasdaibh, do chuáidh a spiorad as.

24. Agus do fhás bríathar Dé agus do méudaigheadh í.

25. Agus do fhill Barnabas agus Saul ó Ierusalem, ar gcoimhlíonadh a miniosdralachda, ar mbeith fós Eóin ríu, dar comhainm Marcus.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 12