Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 12:13-24 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

13. Agus ar mbúaladh dhorais an phóirse do Pheadar, tháinic cailín chuige dár bhainm Rhóda, déisdeachd ris.

14. Agus ar naithne ghotha Pheadair dhi, tré gháirdeachus níor osgail sí an dorus, achd ag rioth dhi a steach, dinnis sí go raibh Peadar na sheasamh sa phóirse.

15. Achd a dubhradarsan ría, Atá tú ar míchéill. Gidheadh do bhí sisi ag dearbhughadh go raibh sé amhluidh. Achd a dubhradarsan, A sé a aingeal atá ann.

16. Agus do lean Peadar dá bheith ag búaladh an doraís: agus ar nosgladh dhóibhsion, do chunncadar é, agus do ghabh úathbhás íad.

17. Agus ar sméideadh a láimhe dhósan ortha, chum bheith na dtochd, dfoillsigh sé dhóibh cionnus tug an Tighearna amach é as an bpríosun. Agus a dubhairt sé, Innisigh na neitheise do Shéumus, agus do na dearbhráithreachaibh. Agus ar nimtheachd as sin dó, do chuáidh sé go háit eile.

18. Agus ar néirighe don lá, déiridh buáidhirt nar bheag a measg na saighdíuir, a dtimcheall créd thárla do Pheadar.

19. Agus ar ná íarraidh Dioruáidh, agus nách bhfuáir, ar cceasdughadh an luchd coimhéuda dhó, dáithin sé a mbreith amach chum pionúis. Agus ar ndul siós dó ó thír Iúdaighe go Séasáréa, do chomhnaigh sé ann sinn.

20. Do bhí Ioruáidh an tan sin ro dhíomghach do luchd Thíruis agus Shídoin: achd tangadarsan dáontoil chuige, agus, ar dtabhairt Bhlastuis eadhon séomradóir an rí ar a dtoil, díarradar síocháin; do bhrígh go raibh a ttír dhá cothughadh tré thír an rí.

21. Agus an lá orduighe airighe ar mbeith Dioruáidh, ar na éudughadh a néudach ríogha, agus na shuídhe sa gcathaóir bhreitheamhnais, do rinne sé óraid dhóibh.

22. Agus do gháireadar an pobal, Gúth Dé so, agus ní gúth duine.

23. Agus a nuáirsin féin do bhuáil aingeal an Tighearna é, do bhrígh nach ttug sé glóir do Dhía: agus ar na ithe do phíasdaibh, do chuáidh a spiorad as.

24. Agus do fhás bríathar Dé agus do méudaigheadh í.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 12