Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 12:12-16 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

12. Agus ar mbreathnughadh an neithese dhó, tháinic sé go tigh Mhuire mathair Eóin, dar comhainm Marcus; áit a rabhadar mórán cruinn a bhfochair a chéile, agus ag déunamh úrnaighe.

13. Agus ar mbúaladh dhorais an phóirse do Pheadar, tháinic cailín chuige dár bhainm Rhóda, déisdeachd ris.

14. Agus ar naithne ghotha Pheadair dhi, tré gháirdeachus níor osgail sí an dorus, achd ag rioth dhi a steach, dinnis sí go raibh Peadar na sheasamh sa phóirse.

15. Achd a dubhradarsan ría, Atá tú ar míchéill. Gidheadh do bhí sisi ag dearbhughadh go raibh sé amhluidh. Achd a dubhradarsan, A sé a aingeal atá ann.

16. Agus do lean Peadar dá bheith ag búaladh an doraís: agus ar nosgladh dhóibhsion, do chunncadar é, agus do ghabh úathbhás íad.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 12