Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 12:1-8 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Agus fá namsin do shín Ioruáidh an rígh lámha do dhéanamh uilc do dhruing áirighe don neagluis.

2. Agus do mharbh sé Séumus, dearbhráthair Eóin, lé cloidheamh.

3. Agus ar bhfaicsin dó gur thaitin sin ris na Iúdaighibh, do chuir sé roimhe Peadar do ghabháil mar an gcéudna. Achd do bhádar láethe a naráin gan laibhín ann.

4. Agus ar na ghabháil dó, do chuir sé a bpriosún é, ar na thabhairt dá choimhéud do cheithre choírighthibh do shaighdiúiribh; ar mbeith fonn mhar dhó ar a thabhairt amach chum an phóbail a ndiáigh ná Cásg.

5. Uime sin do coimhéudadh Peadar a bpriosún: agus do rinne a neagluis úrnaighe go dúthrachdach chum Dé ar a shon.

6. Agus ar mbeith Dioruáidh ar tí a thabhairt amach, sa noidhche sin féin do chodail Peadar eidir dhís saighdíuir, ar na cheangal ré dhá shlábhradh: agus do bhádar an luchd coimhéuda ag coimhéud an phriosúin ag an dorus.

7. Agus féuch, do sheas aingeal an Tighearna a lathair, agus do dhealruidh solus sa tígh: agus ar mbúaladh Pheadar ann a tháobh, do thog sé súas é, ag rádh, Eirídh go lúath. Agus do thuiteadar na slabhraidhe dhá lámhaibh.

8. Agus a dubhairt an taingeal ris, Cuir do chrios thort, agus ceangail ort do bhróga. Agus do rinne sé mar sin. Agus a dubhairt sé ris, Cuir do bhrat iomad, agus lean misi.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 12