7. Agus do chúalaidh mé gúth ag rádh riom, Eiridh, a Pheadair; marbh agus ith.
8. Achd a dubhairt misi, Ní headh, a Thighearna: óir ní dheachaidh éain ni coítchean nó neamhghlan am bhéul a steach ríamh.
9. Agus do fhreagair an gúth mé an dara huáir ó neamh, Na neithe do rinne Día glan, ná déunsa neamhghlan íad:
10. Agus do rinneadh so fo thrí: agus a rís do tógadh súas íad go huilidhe air neamh.
11. Agus, féuch, tangadar tríur fear an tan sin don tigh ann a raibh mé, do cuireadh ó Shéasáréa chugam.
12. Agus a dubhairt an Spiorad ríom dul ríu, gan amharus ar bíth do bheith oram. Agus tangadar na sé dearbhráithreachasa maráon riom, agus do chúamar a steach go tigh a nfir sin:
13. Agus do fhoillsigh sé dhúinn cionnus do chunnairc sé aingeal ann a thigh, na sheasamh agus ag rádh ris, Cuir fir go Ioppa, agus cuir fios ar Shiomón, dar ab comhainm Peadar;
14. Noch láibhéorus bríathra riot, ré a slaineóchar thú féin agus do thigh uile.