Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 11:6-12 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

6. Ar bhféachain damh go géar air, tug mé dom aire, agus do chonnairc mé beathaidh cheathairchosach na talmhan, agus beathaidh allta, agus na píasda, shnámhus an talamh, agus éunlaith a naiéir.

7. Agus do chúalaidh mé gúth ag rádh riom, Eiridh, a Pheadair; marbh agus ith.

8. Achd a dubhairt misi, Ní headh, a Thighearna: óir ní dheachaidh éain ni coítchean nó neamhghlan am bhéul a steach ríamh.

9. Agus do fhreagair an gúth mé an dara huáir ó neamh, Na neithe do rinne Día glan, ná déunsa neamhghlan íad:

10. Agus do rinneadh so fo thrí: agus a rís do tógadh súas íad go huilidhe air neamh.

11. Agus, féuch, tangadar tríur fear an tan sin don tigh ann a raibh mé, do cuireadh ó Shéasáréa chugam.

12. Agus a dubhairt an Spiorad ríom dul ríu, gan amharus ar bíth do bheith oram. Agus tangadar na sé dearbhráithreachasa maráon riom, agus do chúamar a steach go tigh a nfir sin:

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 11