Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 11:21-30 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

21. Agus do bhí lámh an Tighearna maill ríu: agus do chreid úibhir mhór, agus dfilleadar chum an Tighearna.

22. Agus táinic na sgéulasa go clúasaibh na heagluise do bhí a Niarusalém: agus do chuireadar Barnabas uatha, go Hantíochia.

23. Agus ar dteachd dhó, agus ar bhfaicsin ghrása Dé, do ghabh gáirdeachus é, agus do theaguisg sé íad uile, fá anmhuin a bhfochair an Tighearna ré rún croidhe.

24. Oír do bhí sé na dhuine mhaith, agus lán don Spiorad Náomh agus do chreideamh: agus do chuireadh ris an Dtighearna buidhean mhór.

25. Do imthigh Barnabas an tan sin go Tarsus, díarraidh Sháuil:

26. Agus ar na fhaghail do, rug sé ris é go Hantíochia. Agus tárlá, go rabhadar ag gnáthughadh a cheil feadh blíadhna sa neagluís, agus gur teaguisgeadh léo iomad do dhaoinibh, ionnus gur ab a Nantíochia do goireadh ar tus Críosduighthe do na deiscioblaibh.

27. Agus ann sna láethibh sin tangadar fáidhe ó Iérusalém go Hantíochia.

28. Agus ar néirghe súas do neach aca dar bhainm Agabus, dfoillsigh sé trés an spiorad go mbíadh gorta mhór feadh na talmhan uile: noch thárla mar an gcéudna a láethibh Chláudius Séasar.

29. Ann sin do chuir gach áon do na deiscioblaibh roime, congnamh do chur do réir a acfuinne, chum na ndearbhráithreach dáitrigh a ttír Iúdaighe:

30. Agus do rinneadar sin, agus do chuireadar é chun na sinsear tré láimh Bharnabais, agus Sháuil.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 11